Amhrán an Ghabhair

Roderic Ó Dálaigh, file mór le rá sa 19ú haois a chum an t-amhrán seoidh seo. Bhí dreifiúr de Roderick pósta ag duine des na Bocánaibh – treibh de mhuintir Shúilleabháin a chónaigh i bparóiste na Dromad. D’fhág an Bocánach a bhean agus d’éalaigh sé le bean éigin eile. Ní ró-shásta a bhí Roderic faoin scéal agus chum an t-amhrán searbhasach seo. Bhailigh Tadhg Ó Murchú an t-amhrán i 1939 ó Dhónall “an Chasúir” Ó Súilleabháin (54 bliain d’aois). Bhí cónaí ar Dhónall i gCaipín Cláraigh ag an am, ach gur rugadh agus tógadh i mBun an Doirín é, i bparóiste na Dromad.

This humorous song was composed by Roderic Ó Dálaigh, a famous poet of the 19th century. Roderic’s sister was married to a man from a branch of the O’Sullivan clan in Dromaid known as Na Bocáin. To the poet’s disgust, O’Sullivan unexpectedly deserts his wife, eloping with another woman. The poet is extremely critical of O’Sullivan, comparing him to a wandering puck goat and advising those that might catch him to tie him to a post and stone him! The song was collected by Tadhg Ó Murchú in 1939 from Dónall “an Chasúir” Ó Súilleabháin (54 years of age). Dónall lived in Caipín Cláraigh but was originally from Bun an Doirín in paróiste na Dromad.

Foinse: CBÉ:797:269-271

D’imigh uaim gabhar go raibh dhá chloch ina ghabhal,
Agus n’fheadar an domhan cár thriail sé,
Níor cuireadh é i ngann is níor sloigeadh é i bpoll,
Maran duine thug fogha ar é ghoid.

Chuireas lorg ina dheabhaidh go te lena bhonn
Ó Chaiseal go Drom Bhaoi Bhéara
Is a shamhail ná a fheabhas níor casav im choinne,
Is is fada bhead amhlaidh is baol liom.

Beir scéala uaim le fonn ‘ Doirigh Fatha cois abhann,
Mar is baile é gan amhras atá naofa,
Dá gcastaí orthu gabhar go mbeadh clocha ina ghabhal,
É chloiche le cabhair a chéile;

É cheangal go lom d’fhosta nó ‘chrann
Go gcuirfid chugam rabhadh nó scéal air,
Is dá mairfinn Dé Domhnaigh, is bheith ar mo mheabhair,
Do chloisfeadh fir bhodhra a mbuíochas.