Amhrán an Hata

File de mhuintir Shé – Doncha Ó Sé Buí- go raibh cónaí ar i Macha Ghrianáin a chum an t-amhrán

seo i dtaobh hata breá olna a chaill sé le linn do bheith ag iascach ar an loch:

 


I
Do bhíos-sa lá ag iascach le cliabh nó le cochall,
Bhí haitín maol liath orm a bhí déanta den ollain,
Tháinig feothan ró-ghéar do thóg siar chun an locha é,
Agus d’fhág mé ina dhiadh san go diachrach á lorg.
II
Ba hata lá gréine é, lá éirligh is glagair,
Ach bhí sé ró-aerach dom féinig le caitheamh,
Tháinig an slua aerach do thug uaim sa chais’ é,
Agus d’fhág mé á éileamh ar Chloich Léith Inse an Mhaide

Liam Stac (69 blian i 1938)
Cluain Eachlainn