Amhrán an Phríosúin

Bhí lánúin phósta ar an nDromaid agus níor réitíodar lena chéile. Bhídís ag bruíon is ag achrann gach aon lá. Cuireadh ina leith gur bhuail an fear a bhean. Le cabhair óna deartháir, Labhrás, d’éirigh leis an mbean a fear céile a chur go príosún Thrá Lí. Micí Sheáin Dáith Ó Síocháin ab ainm don bhfear céile agus chum sé an t-amhrán seo ina maslaítear Síle agus Labhrás. Tá an leagan atá curtha ar fáil anseo bunaithe ar dhá leagan éagsúil den amhrán: ceann a bailíodh ó Sheán Rua Ó Súilleabháin, Drom Oireach (84 bliain d’aois) sa bhliain 1938 agus ceann eile a bhailigh Tadhg Ó Murchú sa bhliain 1935.

A married couple once lived in Dromid. They didn’t get on very well together and were constantly bickering and fighting. The husband was accused of hitting his wife. With the help of her brother, Labhrás, the wife managed to have her husband convicted and sent to Tralee jail on hard labour. Micí Sheáin Dáith was the man in question. While in jail Micí composed this song where he unleashes a tirade of insults directed at his wife and brother, while also claiming that he has been falsely accused.

Foinse: CBÉ:149:211; CBÉS: Cill Mhic Iarainn:144.

Nuair a théim go dtí an Coireán bíonn náire istigh ar mo chroí,
Ag fir is ag mná ina dtáintibh ag taisteal lem thaoibh
Ag diúgadh na gcárt, ó ’s a bharántas tarraingthe ón dlí,
Ag Síle an tSúsáin agus Labhrás an cheasamair bhuí.

Ó’s a Shíle gan daonacht ar an saol so nára fada bheir buan,
Do chuir mé ar hard labour le leabhar éithigh go Trá Lí ó thuaidh.
Mhuise baileod mo ghaolta agus is baolaí go ndéanfaidh siad buairt,
Ag baint sásamh gan buíochas as plaoscannaibh Jeaiceanna an fhuail.

A Shíle na nGamhnach…………………………. níl beo
Ní bheidh Labhrás id theannta ná leamhnacht na mba agaibh a ól
Is olc a chuaigh t’fhoghlaim air is spalpadh na leabhar so gan chló
Agus beidh tú agus breall ort agus do cholldroimín in iarthar do thóin

‘S nuair a théim go Trá Lí bíonn na mílte glas ar gach áit,
Fallaí geala aoil is airde ‘á bhfeaca in aon áit.
‘S ar mo leabaidh nuair a luím faraoir ní chodlaímse alán,
Gan fáil ar bhraon dí ach mo chroí chomh tirim leis an gclár.

Ó’s is tartmhar atáim gan fáil ar aon ghloine den liúnn,
Ach a’ platter beag stáin ‘s gan fáil ar a thuilleadh de siúd,
Istigh i gcruachás ‘sé mo shlán fé ghlasannaibh dubha,
Ó sin cuntas ag cách le fáil ar bhille an phríosúin.