An Léadar

Bad í seo a deineadh i nDairbhre de réir an tseanchais. Ní fios anois arbh iad ráiseanna na mbád nó a cumas mar bhád iascaigh a bhain cáil amach di ach moltar go hard í san amhrán seo. Tá an leagan seo bunaithe ar leagan a bhailigh Tadhg Ó Murchú sa bhliain 1935 agus ar leagan níos luaithe fós a foilsíodh sa Lóchrann sa bhliain 1913. Bhí an leagan san curtha ar fáil ag Máire Ní Bhraonáin ón nDoirín i Maistir Gaoithe.

Very little information remains regarding the background of this song. According to local tradition the Léadar was a famous boat in Valentia. It is unclear from the song whether it was as a racing or a fishing craft that it gained fame. Nevertheless the Léadar is highly praised for it’s elegance on the seas. The poet compares her to ‘a slender swan’ and ‘a hawk that refuses to retreat from its enemy.’ The song provided here is based on a version collected by Tadhg Ó Murchú in 1935, and an earlier version published in An Lóchrann in 1913. That particular version had been provided to the journal by Máire Ní Bhraonáin from Doirín near Mastergeehy.

Foinse: CBÉ:147:12-15; An Lóchrann, Márta/Aibreán 1913; Mac Gearailt, B. (2007) An Blas Muimhneach (Baile átha Cliath: Coiscéim), lch. 283-4.

Á sí an Léadar a deineadh le dúthracht,
Don donn-dhair mhín chumhra ó Ghleann Áth.
Agus níor ligeadh aon mhaide ar dhrúcht di,
Nó gur ghlanadh an fiún di le cáil.
An mhuir bhraonach dá ndéanfainn a shiúl léi,
Ní fheicfinn a múnla ar aon tráigh,
Agus nach aerach an saor a luigh súil uirthi,
Agus do dhein daingean, dlúth í, gan cháim.

Bhíosa lá ag tnúth le mo Léadar,
Ar an mbaile ‘nar deineadh ann í.
Nó, go bhfeaca-sa chugham í ar an dtréanmhuir,
Agus fearthainn á séideadh le gaoith,
A cuid anairte á tharrac idir théada
Ar dhath an donn-sméar le daíocht,
Agus gur chosúil leis na marcaigh ón nGréig í,
Nó, chomh cliste le héan ar an gcraoibh.

An té a chífeadh mo Léadar ag gluaiseacht,
Lá anaithe is buartha chun sáil’,
Agus í ag píorsáil na farraige le fuaimint,
An séimhfhear is an stiúir ina dheas-láimh.
Dob í an caol-eala í ar thaobh toinne ag gluaiseacht,
Nó, Venus do rug bua léi sa rás,
Nó Helen do sciob an chraobh léi ar a gualainn,
‘Sí mo Léadar glan, uasal gan cháim.

Ó’s a Léadair sin barr agat feasta,
Ó bhádaibh na nDumhach is Chromáin,
‘Gus ón mbád a bhí ‘déanamh an Phúirt thiar
A thug Hedley ó Londain thar sáil’,
Ó bhádaibh an Daingin gur ghluais sí,
Gan aon fhear léi suas ar ceann cláir,
Ach í tabhairt éisc léi ina slaodaibh ó chuanta
Is na báid eile buailte ar an dtráigh.

Do dhearcasa samhail mo Léadar sa Daingean
Ar an gCé ann thiar fadó.
Agus í ag taisteal i ndú-bhrata ón nGréig chugainn
Is an talamh do dhein sí ós ár gcomhair.
Bóna a hainm dá haon chorp,
Agus pictiúir ró-néata ar a fóir.
Gan bheatha do mhairfinn á haoireacht,
Dá mbeadh bliain agus céad insa ló.

A Léadair, déin séirse glan gaoithe,
Agus talamh gan mhoill glac id láimh.
Dia ‘d shaora, ‘d aoireacht agus ‘d choimhdeacht,
Agus an chuid eile den mbuíon go dtaga slán.
Ná ligíg-se aon bhogadh lín léithe,
Ar an dtaobh eile do Phointe Rinn Áird,
Nó, tiocfaidh sluaite thar mhaolchnoic bhur gcrá,
Is tabhair aire don dtaoide ar a trá.

An té chífeadh mó Léadar sa chúngracht,
La briste na dtonn ins an bá,
Agus í a’ píorsáil na farraige ins gach cúinne,
‘Sí an seabhac í nár chúl riamh dá namhaid.
Thar bhádaibh an Daingin gur sciuird sí,
Lá anaithe is dubhscallaí fáin,
Agus do chalaí an bhaile níor dhiúltaigh,
Ach ag taisteal na dtonn le móráil.

Do ghléasas-sa mo Léadar fé dhubhbhrata,
Éanlaithe agus dúr ar gach dán,
Agus téad ar gach taobh di ag bonn luascadh,
A chuireann a foireann chun suaimhnis go lá.
‘Na h-aonar léi féin sea do ghluais sí,
Agus gan éinne beo suas ar ceann cláir.
Ag tabhairt éisc léi ‘na shlaoda ó chuanta,
Agus na báid eile bailithe ar an dtráigh.


A Dhiarmuid déan feasta mo chomhairle,
Agus glac ainnir óg chugat id láimh,
A bheidh cúthail deas múinte dea-eolach,
Is a grua mar an rós ar an bhfál;
A folt suaimneach ag titim go feor léi,
Ar aon dath an óir go haon táith.
Ar maidin tabhair sealad á pógadh
Agus ná feicim go deo thú ar aon bhád.