Cáitín Ní Laoghaire

De réir an tseanchais b’é Seán Ó Loingsigh, file a mhair ar bharra na dTeiní i nDairbhre a chum an t-amhrán seo. Tagann an t-amhrán go mór le traidisiún na hAislinge, áit a dtagann bean álainn – Caitín Ní Laoghaire sa chás seo - fé bhráid an fhile. Deintear a háilleacht a mholadh go hard ,mar aon lena dea-thréithe. Sa véarsa deiridh cuireann an bhean í féin in aithne don bhfile agus tugann cuireadh dó éalú ina teannta go Talamh an Éisc nó Meiriceá. Do thóg Tadhg Ó Murchú an t-amhrán seo sa bhliain 1936 ó Mhícheál ‘An Jugger’ Ó Conchúir, 73 blian d’aois, fear a raibh cónaí air i mBarra na dTinnimh,.

According to tradition this love song is said to have been composed by the poet Seán Ó Loingsigh, a poet who lived in the townland of Upper Tinnies on Valentia Island. The composition of the song draws heavily from the Ashling tradition, where a beautiful woman - Cáitín Ní Laoghaire in this case - appears as a vision before the poet. The poet describes the woman’s great beauty and lavishly praises her fine traits. In the final verse the vision introduces herself as Caitín Ní Laoghaire and invites the poet to elope with him to Newfoundland or America, from where they will never return. Tadhg Ó Murchú collected the song in 1936 from Mícheál ‘An Jugger’ Ó Conchúir who lived in Tinnies.

Foinse: CBÉ:239:219-222.


Lá gréine bhíos ag machnamh is mé ar fhaiche glas aolmhair,
Mar a ritheann tré chaoltaibh gach aon ionad cóir,
Sea, do dhearcas an ainnir do rug barr is scéimh léi,
Dubhach doilbh agus daonnacht dá bhfeaca riamh fós.
Do bhí aon-ghile an tsneachtaidh ag casmairt mar chaoraibh
Ar a leacain dheas aolmhair do bhí a pléireacht ‘s an spórt,
A caol-choimín chailce d’fhág mé sealad i ngéibhinn
Le dian-chumann cléibhe don spéir-bhruinneall óig.

Do shuíos-sa ina haice is mé ag amharc na béithe,
Is ná feadar cad é an taobh as gur thaobhaigh a’ bhean óg,
Ach gur bhreátha í ná an t-ainnir do sheasaimh an phlé cheart,
Le Juno is le Vénus i dtaobh an úill óir,
Nó Helen, an ainnir gur leagadh a Traí léi,
I deachaibh ní dhéanfadh sí in éadach a chló,
Nó Áine a lean Mearagach go Cathair na Féinne,
Mar ar leagadh le laoch-bhuillí tréan-fhearaibh cóir.

Dá mbeadh fhios ag Oliver, ag Alasdrum nó ag Caesar,
Samhail na béithe gur dhéin di bheith beo,
Dhéanfaidís cathanna do thraochadh agus cathracha do réabadh,
Agus tíortha do léir-scrios le tréan-neart ‘na ndeóidh.

N’fhéadfainn a maitheas do spreagadh ná ‘léamh dhíbh,
Dá mairfinn le haos-cheart dh’éis a bheith hóg,
Ach go scríobhann sí ar a meamram go canta le caol-pheann,
Le barr a mín-ghéig a bhí i ngéar-cheart ‘s i gcóir.
Teanga Abhra agus Tairibirt, Laidin agus Gréigis,
Welsh agus Béarla is gach brainnse eile ‘á nuadhacht,
Fraincís go canta, Poirtigí ‘s Gaoluinn,
Agus tuilleadh ná féadaimse do léir-chur i gcóir.

Anois biaraim fios m’ainm dhuitse a fhearaire léannta,
Gur mise Cáitín Ní Laoghaire ón dtaobh eile ‘ród,
Go bhfuil mo ghaolta is mo charaid i leabhar an tseanchais le chéile,
Do shíol-cheart Miléisean a bhí in Éirinn fadó.
Más méinn leat liom ceangal go n-imeóm in aonacht
Go Talamh an Éisc nó go hAmericeá Mór,
Beidh ár muintir is ár gcaraid go cathach ár ndéidh-na
Is ní fhillfeam araon faid is mhairfimíd beo.