Caoineadh Thaidhg ach Domhnaill

Cumadh an caoineadh seo I gcuimhne Thaidhg ’ach Domhnaill, fear óg a mhair áit éigin i gcomharsanacht Chuan an Chaisleáin agus a báthadh go tragóideach. Tá an chuma ar an amhrán gurb é athair an fhir óig a chum an chuid is mó de agus é go mór fé bhrón. Tugann sé cuntas corraitheach dúinn ar an mbriseadh croí agus ar an suathadh aigne atá á fhulaingt aige. Do bhailigh Siobhán Ní Chonchúir, múinteoir scoile i gCuan an Chaisleáin, an leagan seo den amhrán i 1938. Séamus Ó Siocfhradha ó Chathair na Gaoithe Cathair Dónall a thug di é.

This lament commemorates the tragic loss of Tadhg ‘ach Domhnaill, a young man who lived somewhere near Sneem and Castlecove. The majority of the song seems to have been composed by the young man’s grief-stricken father and provides a powerful and moving description of his great loss. This version of the song was collected in 1938 by Siobhán Ní Chonchúir, a school-teacher in Castlecove. She attributes the song to Seámus Ó Siocfhradha, Cathair na Gaoithe, Caherdaniel.


Sa Thaidhg ach Domhnaill is brón go bráth sa tír
Do chailiúint ag feothan sa chóchanna gránna fíll
Mar ba chuileachta ar phósadh tú nó ag ól do cháirtín dí
Is do phearsain d’fhear óg, ní raibh ar m’eolas ón Ráth go Snaidhm.

Ar a’ Snaidhm atá bhúr gcairde ag leaghadh na mbraon
Ag bualadh lámha gach lá ag guí ‘s ag éimh
Tá bhúr n-athair ag gearán ‘s bhúr gcásamh in aghaidh gach scéil,
Mhuise ‘Thaidhg a ghrá cad é an fán gur ghabhais aréir.

‘S aréir ar mo leabaidh ‘s mé ceapaithe ar dhul chun suain
An gol do bhriseann ar an nduine do bhíonn cráite buartha
I ndiaidh a chlainne bhí i gcumas chun ráis do bhuachtaint
Ar fuaid na tuinne tá fir agus báid a gcuardach.

Mo chreach dubhach atuirseach díomách mó scéal
Nár chuireas go harm sibh nó i gcogadh go mbeadh lámhach piléar
Sara bhfeacaidh úr n-athair úr marbh úr mbáth araon
Sa tsrúill úd treascartha gan tapa, gan bhrí in bhúr ngéag

Bhúr ngéaga geala b’é a n-ainm le rá ag an saol
Mar bhíodar acmhainneach, taitneamhach, grámhar, séimh
‘S gur b’é toil an Athar Mhic a d’fhulaing an pháis bhur dtaobh
Nár lig chun an tailimh sibh mar bhí an scalladh sa lá ró-thréan

Ba thréan calma an scafaire ar bhád nó ar tír tú
Is ba bhreá é do sheasamh ar fhaiche nó láthair rince
Gan cháim do leaca ‘s do bhaill beatha mar ordaigh Críost tú
Cé gur bháigh an scalladh go tapaidh ar thaobh an tí thú.

‘S ar thaobh an tí tá an díomas – bhí díomas le fada in bhúr gcomhair
Cé gur ró-bheag a shíleas go raibh an saoiste ag faire bhúr nglór
Nuair a théadh sibh sa choimhscear ba bhinn sibh chun seasamh ina gcomhair
Agus ar bhúr dteacht timpeall bhíodh faoireacht ag fearaibh ar Dóinn.

Tá Dóinn ag screadaigh le heasnamh na criú go dian,
Agus tá Bland fada go hatuirseach dubhach bhúr ndiaidh
Ní dóibh siúd is measa é ach bhur n-athair tá gan tapa, gan siúl, gan rian
Go bhfuil a radharc ar leathadh air agus ná caitheann sé puinn den bhia.

‘S nach é an bia dubhach é ‘s an tsúil ag sileadh na dhiaidh
Nuair a chíonn sé an tonn ag púscadh gach maidean aniar
A leithéidí siúd ní raibh sa trúip lá treascradh iad
Ná a leithéidí ag Fionn Mhic Cúil lá leagadh an bhfia.

Ní hiad Fianna Éireann is léan linn mar n’fheacamair iad,
Ach tréithe na bhfear ngléigeal do bhí calma tréan
Go bhfuil díomá ar na bailtibh ‘s a maireann dá gcairde gaoil
Bhúr gceann sa chaise sa gcuid eile úr gcnámh sa chill

(Bean Uí Ghráda do chríochnuigh)
‘S nach í an chill uaigneach bhuartha chráite í siúd
‘S a bhantharla an tsuaimhnis beir buartha go dtéir inti síos,
Ó tháinig an chóch ‘s an feothan gránna fíll
‘S a Thaidhg ‘ach Dómhnaill sé mo bhrón tú bhá ‘gen dtuinn.

‘Sa Sheáin a dhalta níor spreagas do cháile fós
Cár ghaibh do chumas nár iomrais tríd a gCóibh
Bhí sáile is uisce san iomarca dhá chaitheamh ar bord
‘S an t-aon Mhac Muire go maithfidh úr gcáile romhat.


Bun Inbhir, lch 274.
Múinteoir: Siobhán Ní Chonchúir, Cuan an Chaisleáin.

Scríobhas féin ó Séamas ó Siocfhradha
Cathair na Gaoithe
Cathair Domhnaill
Cill Áirne.