Cuardach na mBróg

Amhrán grinn a cumadh fé fhear gur sciobadh na bróga uaidh tar éis do iad a fhágaint ar bharra na trá. Péire fíor-ghalánta ab ea iad de réir an amhráin, agus deintear mion-chur síos ar an gcuardach a dhein sé agus é ar a dhícheall ag iarraidh iad a aimsiú. Bhíodh an t-amhrán seo le clos go forleathan i nDairbhre sa chéad leath den aois seo caite. Do bhailigh Tadhg Ó Murchú dhá leagan de sa bhliain 1936: ceann ó Nóra ‘Joe’ Bean de Búrca (67 bliain), bean feirmeora, a raibh cónaí uirthi ar an gCois, ach a rugadh ar an gComhartha Beag; agus an tarna leagan ó Máire Bean Thaidhg Pheaidí Uí Chrochúir, 82 blian. Bhí cónaí ar Mháire i gCrádh ach a rugadh agus tógadh í ar an gComhartha Beag i nDairbhre chomh maith.

A humorous song about a man who had his shoes stolen from where he had left them on the beach. In the song the shoes are described as being a very elegant pair, made from the finest leather and silk. The song recounts the extensive search undertaken by the hapless victim in trying to relocate the stolen shoes. This song seems to have been extremely popular on Valentia during the first half of the last century. Tadhg Ó Murchú collected two versions of the song in 1936. One was provided by 67 year old Nóra ‘Joe’ Bean de Búrca. At that time she resided in Knightstown, but she had been born in Coarha Beg. The second version was collected from Máire Bean Thaidhg Pheaidí Uí Chrochúir, 82 years of age, who was also born in Coarha Beg.

Foinse: CBÉ:239:183-187; CBÉ:308:151-154.

Thiar sa Trá Iarthair sea thriallas fén anairt,
Agus d’fhágas mo bhróga ar an bhfeorainn sa ghainimh.
Do bhíodar chomh nua ‘gam, d’óg-scoth an leathair,
Sin drúcht feasta im scóladh agus na reothainn má thagaid.

A bhráthair na mbrón is brónach ‘s is díth liom,
Mar fhágais do bhróga ar fheorainn na taoide,
Mar ghaibh chuchu stróinse ‘gus thóg sí d’réir grinn iad
Agus nuair a chonaic sí chomh nua iad gur mhéinn léi hiad a bhreith uimpi.

Má bhí-se léi páirteach ‘na pá ann níor dhíolais,
Ba shuarach le bharántas iad ‘áireamh de choíche
Mar chuala go raibh Ballwer a friothálamh na taoide,
Bhíodar uirthi lá arna mháireach go sásta is í ag rince.

Nuair a bhuaigh sise an rás san ar thránnaibh na hUíne,
D’imigh sí go trusálta ar na hardaibh mórthimpeall,
Ó Chathair Uíbh Ráthaigh do bheir bád í go hInse,
Is bhí sí sa Daingean lá arna mháireach ar ceann cláir ag ól fíonta.

Do goideadh na bróga san ól uaithi istoíche,
Do scread sí is do liúigh sí is do stróic sí a raibh roimpi,
Do chuala gur stróinse ó Tigh Mhóir thiar do shín léi,
Agus sciob leis ‘na bhóthar go paróiste Dhún Chaoin iad.

D’éirigh sí amáireach go dubhach cráite is í a’ síor-ghol,
Siar chun Fionn Trá léi mar ba ghnách le fleet bheith,
Bhíodar díolta ag an ngráifeach sarar tháinig sí timpeall,
Le captaen an árthaigh agus fuair sé mála d’ór buí orthu.

Ní seithe an bholláin frádraig (Phádraig) a ráinig ‘na n-íochtar,
Ach buffalo ón Spáinn agus é ‘fháil ar a dhaoireacht,
Uachtar den calf-skin a bhí líneálta le síoda,
Chomh sleamhain leis an airne is níor ghá dhóibh bruis choíche.

Ní hé seithe an bholláin chróin a’ tSeantóra a bhí ‘na mbunaibh,
Mar a bhfuil Pádraig ‘ach Domhnaill ar bhord mór a chistean,
A shiopa nár dhóitear is gaoth-chóngair dá loingeas,
Is gurb é gréasaí Thaidhg Ghróbach a thóg cruinn a dtoise.

A Sheáin Óig Uí Bhraoin agus a shíoda na n-óig-fhear,
Ar chualaís an cíoradh atá san oíche ar do bhróga
Go bhfuil fáidhithe á insint gur ag mnaoi tá ‘na bóthar,
Agus cuardaigh an tslí ón tSnaidhm go Tigh Mhóir siar.

Cuardaigh a’ bréitse díobh mar a nglaotar Béal Toinne,
Gainimh Loch Sáile agus tránna Dhún Choinne,
Dóinn na mBradán díobh mar a bhfásann gach bile,
Agus cúrsa ‘leán Duibhneach agus mórthimpeall mar ‘shileann.

Cuardaigh Oileán na bhFionn díobh, oileán dúchais Uí Cheallaigh,
Cuaisín na Méith-phoc, an áit do léitear an leabhar Laidine,
Dún na mBogán, an áit go bhfásann gach duille,
Cúrsa Oileán Duínis is mórthimpeall Má Thuille.