Marbhna Mhuintir Dhubháin

Cumadh an marbhna seo uair éigin ag tús/lár an 19ú haois, tráth ar bádh muintir Dhubháin ó Dhairbhre go tragóideach. Bhí dhá bhád ag tabhairt aghaidh ar an Sceilg nuair a bhris an aimsir gan choinne. Séideadh ceann dos na báid, ar le Risteárd Ó Mathúna í, chomh fada le Ceann Trá ar an dtaobh eile de Bhá an Daingin. Sa bhád eile, bád Seán Spotswood, a bhí muintir Dhubháin. Briseadh ar na carraigeacha í fé bhun Cheann Bhré. Dúirt Máire Bean Thaidhg Pheaidí Uí Chrochúir, an bhean a thug an t-amhrán do Thadhg Ó Murchú i 1936, dúirt sí go raibh radharc ag a seanathair ar an dtragóid ar fad ó bharra Cheann Bhré. Nuair a d’fhill sé ar a thigh ar an gComhartha Beag bhí ceann an tí scuabtha chun siúil ag fórsa an ghála. Deir bailitheoir an amhráin, Tadhg Ó Murchú, gurb é Pádraig (nó Séamus) Bán Ó Loingsigh a chum an marbhna.

This lament was composed in the early/mid 19th century following the tragic drowning of the Devane family from a place called Claí na Cairte in Coarha Beg in Valentia. Two boats were on route from the island to Skellig Michael when a storm hit unexpectedly. One of the boats owned by Risteárd Ó Mathúna was blown across Dingle Bay to Ventry, while the other boat owned by Seán Spotswood and crewed by the Devanes perished on the rocks at Bray Head. Máire Bean Thaidhg Pheaidí Uí Chonchúir who lived in Crádh, from whom the song was collected in 1936, said that her grandfather witnessed the drowning, helpless atop Bray Head as the boat sank. He would later return to his house in Coarha Beg only to find that its roof had been lifted by the force of the storm. Tadhg Ó Murchú states that the lament was composed by Pádraig (or Séamus) Bán Ó Longsigh.

Foinse: CBÉ:308:151-154.

M’osna go dian sibh in Iarthar Éireann,
Go Clár Geal Mumhan de shiúl do théadh sibh,
Tá smúit agus scamall ar a’ ngealaigh agus éiclips,
Ó bádh an ceathrar fear le chéile.

Is le chéile a thaisteal an gasra ón gComhartha,
In árthach daingean a bhí i bhfearas ‘s seoltha,
I mBá na Scealg do las orthu feothan,
Agus do tháinig scalladh orthu `bhailigh de bhord iad.

De bhord a sciobadh le n-iomarca fórsa,
Gan chómhra, gan choinneal, gan duine ar a dtórramh,
Is dubhach súd sinne a sileann ár ndeoraibh,
I ndiaidh na foirinne mo thurainn do thógaint.

Thóg a’ gúna i dtúis a’ lae úd,
Ceo agus smúit agus liúnramh spéarach,
Mí-ádh go follas nó cros ar dhuin’ éinteach,
Agus mo chumha mar `músclaíodh chugainn mar scéal é.

Scéal thar bharr lá na gaoithe,
Agus scéal thar bharr bád a’ tíosaigh,
Scéal thar bharr go brách is choíche,
Muintir Dhubháin Mineáin sínte.

Sínte ar lár atá gan tógaint,
Ó bhun Fán ins a’ bhá chun Bólais
Is dubhach san gáire `ge mná na gcomharsan,
Agus Dia `s a Mháthair go ndeárnaid treoir dóibh.

Mo bhrón mar milleadh an fhoirinn a’ lá úd,
Mná agus leinbh a’ silleadh `na dtáinte,
Gan chómhra, gan choinneal, gan chiteal, gan gháire,
Ach a ndeoir ar sileadh mar thuile le fánaigh.

Is fán `s is ciach linn iad `s is cráite,
Muiris Bhriain a’ triall san árthach,
Agus Tomás Houraí- dís fhear álainn,
Agus tá osna `n-a ndiaidh i n-Iarthar Bhlárnan.