Tadhg Ó Sé agus na Finíní

Bhí Tadhg Ó Sé agus a dhreatháir Seán sáite go tréan sna Finíní agus bhíodar páirteach sa chath a buaileadh ag na Cealla le hais Chathair Saidhbhín sa bhliain 1867. Ag tagairt do bhua na bhFíníní sa chath seo agus ag moladh Thaidhg do scríobh an file, Diarmuid Rua na Bolgaí, an t-amhrán seo. Bhí Diarmuid Rua ina chónaí ar an gCaol i bparóiste na Dromad le linn an ama seo. Bailíodh an leagan seo ó Mhuiris Ó Conaill, Cillín Liath sa bhliain 1938.

Tadhg Ó Sé and his brother, Seán, were heavily involved in the Fenian movement in Iveragh and they both took part in a battle near Kells in 1867. Referring to that battle, and in praise of Tadhg Ó Sé, the poet Diarmuid Rua na Bolgaí composed the following song. At the time Diarmuid Rua was residing in Caol in the parish of Dromid. This version of the song was collected from Muiris Ó Conaill, Cillín Liath, in 1938.

Foinse: CBÉS:Cathair Samháin:349.

Ar an gCaol nó i ngaolmhar Uíne
Tá an séimh-fhear breá mín-tais gan cháim
Ramh chailce de mhaitheas na tíreamh
Is tá fuinneamh ‘na chroí is ina chnámh
Is craobh cosanta pobal dá bhuíon é
Is ní ghéillfeadh sé choíche dá namhaid
Is dá léifinnse le héifeacht leabhar diagachta
Ní fhéadfainn cur síos ar a cháil.

A cháil ní náire domhsa insint
Mac a dhea-athar nó caoin-bhruinneall shuairc
Fear grámhar deacháileach na dtaoiseach
Ná fuil doicheall ina chroí siúd ná gruaim
An té a bheadh i ngátar gabháil chun a thí siúd
Níorbh aistear do oíche thabhairt ann
Is do bhfearrde cois Uíne dá mbeadh buan.

‘S a Thaidhg ‘ac Domhnaill go deo guím bua séimh leat
Faraire gléasta gan smailc
Don foiscealach scoth na Milesians
Do thaisteal go hÉirinn ón Spáinn
I gClár Banban thug fear t-ainm an sway leis
An marcach ba thréine le fáil
Is gur ón Ruachtaigh do bhuaigh Mac Uí Shé an brác
Sin bua ag an éarlamh go brách.


Tá a chairde fial fáilteach mór-dtimpeall
Go fairsing don [?] fuil is fearr
Breed Cairbreach do mhaithibh na dtaoiseach
Agus Conall nár ghéill riamh dá namhaid
An marcach mánla rosc maorga
Agus bhuaigh sé an Muir Bhraonach sa [rás ?]
‘S is é Diarmaid uasal do rug ……………..
Tré thonntaibh Buí Bhéarra an Bhonáin

Guímse stuaire chiúin mánla mar mhnaoi chughat
Ainnir don tír is don áit
Go mbeidh álta breátha id thimpeall
Is tú ag déanamh dín dóibh gach lá.
Ba bleachta ag teacht chun do thí-se
Agus mórán díobh amuigh ar an bpáirc
Agus a fharaire de mhaithibh na dtaoiseach
Ná séanse do bhuíon in am gáidh