Ag deireadh 2023 cuireadh tús le tionscnamh Meitheal Binneas. Tá sé mar aidhm ag na meithleacha ábhar ón mbailiúchán a thabhairt ar ais don phobal. Scaiptear agus pléitear an t-ábhar ag baint leas as an eolas agus stair áitiúil. Tá an chéad chéim de na meithleacha ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ag tosnú leis an Lóthar agus an Gleann Mór, ina dhiaidh sin an Gleann agus Baile an Sceilg, an Dromaid agus ar deireadh níos déanaí sa bhliain Cathair Dónall. Déanfar trascríobh ar an eolas a bhaileofar agus cuirfear leis an gcartlann é. Úsáidfear an t-ábhar i bhfoilseacháin amach anseo agus chun cur ar an suíomh idirlín. Cruthófar léarscáil a léireoidh na háiteanna inspéise agus a bhfuil suntas ag baint leo ó thaobh stair cheoil an cheantair de. Mar shampla suíomh na rincí crosbhóthair, suíomhanna a luaitear san amhránaíocht nó daoine cáiliúla srl. Tugann Ealaín na Gaeltachta tacaíocht don tionscnamh.

At the end of 2023 the Binneas Meitheal initiative began. The aim of the meitheals is to bring material from the collection back into the community. The material is disseminated and discussed and local knowledge and history brought to bear on the material. The first phase of the meitheals is taking place in the gaeltacht areas starting with Loher and Glenmore, followed by The Glen and Ballinskelligs, Dromid and finally later on in the year Caherdaniel. The information gathered will be transcribed and added to the archive. The material will be used in future publications and for inclusion on the website. A map will be created pin-pointing the location of places of interest and significance with regards to the musical history of the area. For example the location of crossroad dances, sites mentioned in song or famous people etc. The initiative is supported by Ealaín na Gaeltachta.

Grianghraf de Mhicí ‘Cumba’ Ó Súilleabháin agus é óg, Cuan an Chaisleáin/Photograph of a young Micí 'Cumba' Ó Súilleabháin, Castlecove

Meitheals