Songs of Love & Loss

Taobh Thall den Ghóilín

Amhrán grá ina n-éiríonn leis an bhfear rún a chléibh a cheansú. Dónall Ó Loingsigh (1856-1920) ó Chathair Saidhbhín a chum an t-amhrán seo. Thug sé na blianta fada ina oide scoile i mBaile Philib, Co. Lú, áit ar thóg sé dáréag clainne. Measann Michael Bowles agus Ríonach Uí Ógáin gur bhunaigh an Loingseach a phíosa cumadóireachta ar amhrán eile ‘Art Ua Ceallaigh’ a foilsíodh sa Dundalk Democrat sa bhliain 1907. Thug Aindrias Ó Muimhneacháin an t-amhrán faoi bhráid An Claisceadal, cumann corúil Gaelach a bhunaigh Colm Ó Lochlainn agus Fionán Mac Coluim i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928. Ba i mBaile an Sceilg a d’aimsigh Aindrias Ó Muimhneacháin an t-amhrán de réir Michael Bowles, pianadóir leis an gClaisceadal.

Táimse ar an mBaile seo le Bliain is Trí Lá

Bhíodh árd-mheas ar an amhrán seo, tráth, agus go deimhin ar fud na Mumhan. Cuirtear síos ar bhriseadh croí an fhir óig ar chlos dó go bhfuil á ghrá gheal pósta ag fear eile. Tógadh an leagan seo den amhrán ó Phádraig Ó Dálaigh, ó Oileán Buí ar bhruach na hUíne. D’fhoghlaim Pádraig an t-amhrán breis agus 70 bliain ó shoin ó Mhuiris Breathnach. Bhíosh scoil oíche ag Muiris i Maistir Gaoithe mar a múintí na sean-amhráin Ghaelacha d’óige na dúthaí.

A very popular song at one time in Iveragh, and indeed throughout Munster, The song describes the torment experienced by a love-sick young man, having received word that his true-love had married another. This version was recorded from Padraig Ó Dalaigh, Oileán Buí on the banks of the river Inny. Pádraig learned the song over seventy years ago from Muiris Breathnach at a singing night school he presided over in Máistir Gaoithe. Muiris Breathnach was a very active member of the Gaelic League, holding regular singing classes aimed at passing traditional Irish songs on to the younger generation.

Amhrán an Mháistir Rinnce

Amhrán a bailíodh ó Dhónall Ó Curnáin, Málainn. Baineann sé le máistir rince agus bean óg a d’éalaigh i dteannta chéile. De réir an tseanchais bhí scoil rince ag Céin nó Cian Ó Mathúna ar an dtaobh thoir den Chumar, ar an dteorainn le Cill Mhic Iarainn. Deirtear gur ó Bhéarra don Mathúnach. Ó Chlochán Cárthainn ab ea an bhean óg a d’éalaigh leis –  Neilí Bhán Ní Dhonnchú. Bhí sí pósta cheana féin ar fhear de mhuintir Mhuircheartaigh i gCeann Boireann ag an am. D’éalaíodar lena chéile ach do chuir muintir Shíocháin Inse na Scairte scéala fé thóin go dtína muintir agus thánadar san agus bhaineadar de í.

A song about the elopement of a local woman and a dance master, collected from Dan Courtney, Málainn. The dance master, Céin or Cian Ó Mathúna, was originally from the Beara Peninsula, but he had a dance school established in Cumar not far from Killmackerrin. The young woman with whom he eloped was originally from Cloghane Carhan near Cahersiveen. Her name was Neilí Bhán Ní Dhonnchú, married to a Moriarty man in Canburrin. Following their elopement the Sheehans of Inse na Scairte in Dromid sent news of their whereabouts to the young woman’s family, who promptly arrived and brought their daughter back home. In the song the dance master laments the loss of his loved one, but also places a curse over the Sheehans of Inse na Scairte.

 


 

Jimmy Mo Mhíle Stór 

Amhrán grá faoi bhean óg atá faoi bhrón agus a grá geal dulta thar sáile. Faightear an t-amhrán go fairsing ar fud na Mumhan. Fionán Mac Coluim (1875-1966) a bhailigh an leagan áirithe seo ó Cháit Bean Uí Fhiannachta sna 1930í. Comharsa béal dorais d’Fhionán ab ea í ar an Spúncán, gar don gCoireán. Tá leagan taifeadta den amhrán, a bailíodh ó Cháit Ní Ailíosa, le fáil ar an dlúthdhiosca ‘Maidin Bhog Álainn’ a d’eisigh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthigh sa bhiain 2001.

A popular love song which is found throughout Munster and further afield. It tells of the heartbreak and sorrow experienced by a young woman following the departure of her loved one on board a ship.

Schlesinger_ Emigrant passengers on board, 1851. Art Print, Canvas on Stretcher copy.jpg

Amhrán an Phríosúin

Bhí lánúin phósta ar an nDromaid agus níor réitíodar lena chéile. Bhídís ag bruíon is ag achrann gach aon lá. Cuireadh ina leith gur bhuail an fear a bhean. Le cabhair óna deartháir, Labhrás, d’éirigh leis an mbean a fear céile a chur go príosún Thrá Lí. Micí Sheáin Dáith Ó Síocháin ab ainm don bhfear céile agus chum sé an t-amhrán seo ina maslaítear Síle agus Labhrás. Tá an leagan atá curtha ar fáil anseo bunaithe ar dhá leagan éagsúil den amhrán: ceann a bailíodh ó Sheán Rua Ó Súilleabháin, Drom Oireach (84 bliain d’aois) sa bhliain 1938 agus ceann eile a bhailigh Tadhg Ó Murchú sa bhliain 1935.

A married couple once lived in Dromid. They didn’t get on very well together and were constantly bickering and fighting. The husband was accused of hitting his wife. With the help of her brother, Labhrás, the wife managed to have her husband convicted and sent to Tralee jail on hard labour. Micí Sheáin Dáith was the man in question. While in jail Micí composed this song where he unleashes a tirade of insults directed at his wife and brother, while also claiming that he has been falsely accused.